Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do réir na litre a chuir an Pápa Mártan V chuig na Doiminiceánaigh, 'sé Tomás Ó Ceallaigh a bhí in a easbog ar Chluain Fearta san am, agus bhí Príor nó Uachtarán ar an Mainistir i bPortomna cheana féin.
Sa 16 mhadh aois, níor fágadh Bráithre dár gcuid féin i mainistir Phort Omna agus i ngeall air sin cuireadh duine nó beirt as Baile Átha 'n Ríogh chuig an mainistir seo leis an áit a choinneál suas mar gurbh é Baile Átha 'n Ríogh an mhainistir ba ghoire dó i gCo. na Gaillimhe. Ach ar a shon sin is uilig d'fan Port Omna in a mainistir dí féin de réir dlighe na h-eaglaise.
In aimsin Eilíse, bainrioghan Shasana feáchadh le deir a chur leis na mainistreacha agus níor mhisde le Clainn Riocaird bheith réidh le brabach a fágháil as an droch-obair seo. Leag sé súil na sainnte ar mhainistir Phort Omna agus ar(leanann ar an chéad leathanach eile)