Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0228
- XML “Wentworth i bPort Omna - An Cogadh 1641-53”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa mbliadhain 1634 tháinic Wentworth go Port Omna. Eachtrannach é seo a chuir Rí Shasana anall in-aon turas le airgead a bhaint de mhuinntir na hÉireann ar ais nó ar éigin agus an t-airgead sin a chur anonn chuige féin. Nuair a tháinig an t-eachtrannach go Port Omna bhí sé beartuighthe aige an talamh ar fad a bhaint de na Connachtaigh fré chéile agus é a dhíol le lucht airgid Shasana. Ní raibh aon bhealach aige leis an mbeart sin a chur chun críche acht na dintiúirí a sgrúdúghadh ag féachaint an raibh siad de réir an dlighe agus an té nach raibh a chuid dintiúirí de réir an dlighe chaillfeadh sé a chuid talmhan.
Acht bhí dintiúirí eile ann, dintiúirí a raibh an leagan ceart dlighe ortha acht nach raibh cláruighthe imB'L' Átha Cliath agus ní raibh ao[n] aithneachtáil ag lucht dlighe ortha seo acht oirea[d](leanann ar an chéad leathanach eile)