Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0128
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí fear ann darbh ainm an Gobán Saor ann agus ní raibh age acht aon mhac amháin. Lá amháin chuir an Gobán Saor a mhac ar an margadh le craiceann caorach agus dubhairt sé leis é a dhíol agus an craiceann is an luach a fhághailt air. Shiubhail sé an margadh in aghaidh a chéile agus ní bhfuair sé aon duine a thiubhradh dó é. D'imthigh leis abhaile arís agus casadh bhean óg air in- aice le tobar. D'fhiafruigh sí dhe an raibh sé ar an margadh agus dubhairt sé go raibh agus go mba bheag mhaith dó é. "Tuige" ar sise. "Bhí mé ag iarraidh craiceann is a luach d'fhagháilt acht ní fhacas aon duine a thiubhradh dom é. "Tabhair domsa é" ar sise. Leag sí fuithe é agus tharraing sí an olann de'n chraiceann. Thug sí luach na h-olna dó agus an craiceann ar ais. Nuair a tháinig sé abhaile d'fhiafraigh an t-athair dhe cé cheannaigh an lomradh uaidh agus dubhairt sé gur cailín óg as an mbaile a cheannuigh uaidh é. Dubhairt an t-athair leis fios a chur uirthe gur theastuigh uaidh í d'fheiceáil. Tháinig sí an lá ina dhiaidh sin agus theasbáin sé cárnán óir dí agus dubhairt sé "cé'n mheas atá agat ar sin" Dubhairt sí gur fada a mhairfeadh an méid sin acht a choingbheál ann. "Tá go maith" aderi an Gobán. D'fhiafruigh sé de'n mhac an bpósfadh sé í, agus dubhairt sé go bpósfadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac Goill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. Galway