School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0105
- XML “Iarsmaí agus Seanchlocha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)atá an dúin ag teacht súas. Tá go leór sean clocaí ar béal an dúin. Deirtear go raibh Fionn súas ann ach níltear cinnte.
Tá áit i lisín Fhuarán ar a dtugtar gort do gamhanaí. Tá clocaí móra ann agus deirtear go raibh sídeóga le féiceál ann agus go bhfuil pota óir ann.
Tá cloch mór taobh thíar do mo teach-sa agus tugann muid Cloch Breandan De Burca air, mar is ann a chuireadh a cheann tar é crochadh.
Tá teach in aice na reilge agus deirtear gur sgoil Protastúnach a bhí ann agus thiubhradh síad amach "soup". Tugadh na "Soupers" orra annsin. Tá bóithrín faoí talamh ag dul ón mainistir go dtí an coill.
Do chailleadh fear darbh ainm Seán Ó Ceallaigh ar thaoibh an bóthair agus rinneadh leacht san áit a cailleadh é ar a nglaoidfhadh síad " leacht Seán Úi Ceallaigh ar. Caithfheadh gach duine cloch ann núair a bhíodh síad ag dul thar an leacht agus deiridís "Beannacht Dé ar anam Seán Ó Ceallaigh".(continues on next page)