School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dhá chonndae, sin ceithre chonndaethe; ceithre chonndaethe agus ceithre chonndaethe, sin ocht gconndaethe, ocht agus ocht sin sédéag; sé déag agus sé déag sin dó dhéag is fich' - agus sin arbhar na h-Éireann!"D'íoc an feilméar go daor 'as an gcomhaireamh!
- Chuaidh Domhnall amach maidin sheaca ag baint mheacan. Rug sé ar an meachan ach ní raibh sé indon shú ná shá, thuca ná thaca ná é a tharraint. Annsin chuaidh Domhnall ar an árd agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chongnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Aonúil A' Bolcán. Rug Aonuil ar Dhomhnall, agus rug Domhnall ar an meachan ach ní rabh siad indon a shú' ná a sháthadh thucad nó thaca nó é a tharrainnt. Chuaidh Domhnall ar an árd aríst agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chungnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Dó-úil A Bolcán. Rug Dó-úil ar Aonúil, rug Aonúil ar Dhomhnaill agus rug Domhnall ar an meachan agus ní raibh(continues on next page)
- Informant
- Máirtín Ó Baghaoil
- Gender
- Male
- Address
- Lisín an Óráin, Co. Galway