Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- Treankeel, Co. Donegal
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine de Chloinn tSuibhne ag iomchur airgid ó Chaisleán Dúin na nGall go Caisleán na Dumhtha. Bhí eagla air go dtiocfadh robairí air agus go dtabhairfeadh siad leo an t-airgead. Bhí sé ag gabhain thar loch Béal Séad agus chaith sé an t-airgeat isteach inntí. Tá sé annsin ón lá sin go dtí an lá indiu agus ni bhfuighidh duine ar bith é ach duine de Chloinn tSuibhne. Deirtear go bhfuil cat dubh da choimhead agus baidhtear duine ar bith a théigheanns isteach fa na choinne.
- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Daibheid
- Inscne
- Fireann
- Bhí fear in a chómhnuidhe amuigh ag taoibh Loch Muc am amháin. Hudaí an t-ainm a bhi air. bhí cloga indiaidh a theacht amach in an am agus lá amháin bhi Hudaí síos i mBail mBealach Féadh agus cheannuigh sé péire. Bhí aonach ar na Gleanntaí an lá thar na bharach agus chuir Hudaí air na cloga agus d'imthigh sé. Bhí brat sneachta ar an talamh agus d'fhág sé lorgacha móra ina dhiaidh.
Chreid na daoine go raibh péist i Loch Muc agus nuair a chonnaic siad na lorgacha shíl siad go bhfuair sé amach. Chruinnigh scata fear agus fuair siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ua Eagartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballynaglack, Co. Donegal