School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 257
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Toibreacha beannuithe.Tá tobar darbh ainm “Tobar an Dúin” suidhte i páraiste an Tearmainn. Téigheann cuid mhór daoine annsin le léighiseanna a fhághai. Is le fear darbh ainm Micheal Ó Brodlaigh an pháirc in a bhfuil an tobar suidhte ann. Olann na daoine an t-uisge agus bheireann siad cuid de abhaile leobhtha chuig na daoine fa bhaile. Fágann na daoine rudaí beaga mar boinn, Scaball, bioráin agus rudaí beaga mar sin. Ins an t-Samhradh is mó a théigheann na daoine go dtí an tóbar seo. Nuair a théigheann na daoine go Tobar an Duin, bheireann siad búideal leobhtha leis an t-uisge a ól agus leis an uisge a thabhairt leobhtha na bhaile chuig na daoine sa bhaile. Téigheann cuid de na daoine annsin [le]? léigheas a fhágail má tá siad tinn nó má tá aicideacht de sheort ar bith ortha. Bá é sagairt a fuar an tobar sin. Bhí sé ag siubhal amuigh lá amháin, agus shuidh sé síos annsin a dhéanamh a sgithiste. Bhí sé na shuidhe annsin tamall maith agus nuair a d’éirigh sé níor smaointigh sé ar a bhata a thabhairt leis agus dubhairt sé nuair nach dtug sé leis [sé]? ag éirigh dó nach mbéadh sé ceart aige é a thabhairt leis annsin. Dubhairt sé go néireochadh carraic no tobar anios annsin agus dubhairt sé an chead duine a gheobhadh greim ar an bhata indiaidh é léimint aníos agus seort ar bith aicíd a bheith air go mbéadh sé léigheasta.
Cúpla lá na dhiaidh sin cuaidh fear isteach na páirce agus shiubhai sé thart an áit uilig. Thainic sé fhad le bruach a bhí ann. Sheasuigh sé ar an(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal