Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 043
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Fado shoin bhí sean leanamhain na gcomhnuidhe i nGaoth Dobhair, a raibh mac amhain aca, ar b'ainm do Séimidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go dtanig cioth trom clocha-sneachta, agus shuidh Séimidh síos faoi chrann bheag ar fosgadh. Thainig tarbh riabhach thart agus thoisigh sé a' ithe an chrainn agus d'ith sé Séimidh fosta. Nuair a thainig an tráthnóna agus gan Séimidh ag pilleadh na bhaile, thoisigh an cuartú. Sa deireadh chuaidh siad thart le taobh an tarbh riabhaigh aus mhothuigh siad an chainnt istigh ann. Marbhú an tarbh, ach ní bhfuair siad Séimidh istigh ann. Chaith siad an meadal mór ar an bhealach mór agus lá thar na bhárach bhí peidlear ag dul an bealaigh agus thog sé an meadal, nó dar leis go ndheanfadh sédinneár breagh do. Thóg sé leis é agus nuair abhí sé ag dul treasna ar dhíog, iobar do tuitim. "Íosa, agus Mhuir liom" ar seisean agua labhair an glór as an bocsa, "na bíodh Íosa nó Muire" leat. Sgannruigh an corp as an peidlear, chaith sé an bosca uaidh agus thug do na bonnaí é. Lá thar na bharach bhí fear eile ag dul an chasain, thonnaic sé an bosca agus thóg sé leis na bhaile é. Nuair a shroich sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoin Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Donegal