Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Scéal - Labhras Mac Niallgais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad ó shoin bhí fear ‘na chómhnuidhe i Sráthlaoighfheoil darbh ainm Labhras Mac Niallgais. Bhí Labhras na h-án - cheárbhaigh ar fad - ní rabh a bhualadh sa pháróiste. Saor-cloiche a bhí ann agus san ám seo bhí sé ag deánamh tíghe úir i nGleann.
    Oidhche amhain dár leis go dtiocfadh sé amách abhaile. Bhí sé mall go maith ag fágailt istigh acht oidhche bhréagh geálaigh a bhí ann agus ba chuma leis. Bhog sé amách ar a shuaimhneas cnoc a Caisil agus nuair a thainig sé go Mín na bhFáchran gheárr sé trásna an cnuic an aithghiorra ag tárrangt ar an bhaile.
    Bhí go maith gur shroich se Mín a Luig tuairim leáth mhíle ó na theach fein agus goidé a tcídh sé i lár an bheálaigh s’ aige acht tábla agus deic cardaí air, agus ceithre cathaoir ag an tábla. Leis sin tcídh sé tríur fear ag tárrangt ar an tábla agus ag glacadh cathaoir an duine. Bhí cathaoir amhain follamh agus nuair a bhí Labhras ag gabhail thart lé na dtaobh d’iarr siad air suidhe agus cluiche imirt leobhtha.
    Níor leig Labhras air gur chualaidh sé iad acht shiubhal leis comh mór is thiocfadh leis na sgánnruigh sé go mór. Ó’n oidhche sin níor imir sé a’n chárda go dteáchaidh sé i dtálamh rud a tharla gan mhoill ‘na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnseas Mac Giolla Easpuig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na bhFachrán, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Giolla Easpuig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na bhFachrán, Co. Donegal