Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 337
- XML “Sprid”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus do bhí sí ag teacht abhaile aon oíche amháin. Nuair do bhí sí leath slí do éirigh an hata a bhí uirri agus tháinigh sé anuas arís. Nuair a tháinigh sí abhaile do chuaidh sí a codladh.
Ar maidin do tháinigh an sagart isteach agus chuir sé ola déanach uirri. Um thráthnóna do tháinigh an dochtúr isteach agus dúirt sé gheobhaidh sí bás aon neomat. Fuair sí bás uair a chloig ina dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé isteach i gtigh aon oíche amháin agus nuair a bhí sé istigh sa tigh d'airigh sé go raibh bean tar éis bás agus bhí aiteanna aige uirri.
Chuaidh sé abhaile agus nuair a bhí sé istigh chonaic sé an bean seo ina seasamh istigh. "A Mháire" arsa sé "an bhfuair tú an lacha?" Ar an neomad céanna cuimhin sé go raibh sí tar éis báis. Chuaidh sé suas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máiré Ní Dhonnabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford