Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 222
- XML “An Bhean Sí”
- XML “Fear Saibhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí a dheirbhsiúir tinn ar feadh i bhfad. An oidhche seo chuaidh sé amach go tí an ngeata agus chonnaic sé an bhean-sidhe agus leig sí trí liúigh aisti. Níor tháinig aon eagla air agus ní dubhairt sé le h-aoinne é. Bhí a dheirbhsiúir ina suidhe an oidhche sin agus thimcheall a naoi a chlog chuaidh an bheirt acu a codhladh agus i rith na hoidhche bhí an fear ag taidhreamh mar gheall ar an mbean-sidhe agus an mhaidean ina dhiadh sin fuair an deirbhsiúir bás.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Bhí fear ann fadó agus bhí trí céad púnt aige. Gach oidhche théigeadh sé go dtí tig ósta ag ól. Sa deire ní raibh aon airgid aige chun é féin a chothughadh. Bhíodh sé ag imtheacht ó tig go tig ag lorg déirce agus ní thabharfadh na daoine do é.
D'imthig sé go dtí tír eile agus phós sé cailín óg agus bhí seachtar páistí acu agus ní bfuigheadh sé iad a chothughadh. Sé an rud a dhein sé annsan acht triúir acu a bhádhadh agus triúir acu a mharbhughadh. Do choimead sé an duine ba óige agus dheinead sagart de.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford