Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mayo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 715

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 715

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 715
  3. XML “Bréag Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go leor daoine ag rith n-a gcos in áirde. D'fhiafruigh sé diobh cá raibh a dtriall. Dubhairt siad go raibh an fhairrge tiorm agus go raibh siad ag rith i mbárr a n-anma go bhfághadh siad iasg agus airgead ar thóin na fairrge. "An dtiocfaidh tú linn go bhfághadh tú do chuid féin de. "Ní rachaidh mé inbhar seisean. "Tá mé dul le inghean an rí d'fhághail le bréag mhór a chumadh dó." "Is mór atá tú gan chéill" ar siadsan "mar is iomdha mac rí ar bhain an rí sin an ceann de." "Má sé an bás a gheall Dia dhom" ar seisean "Sé a bheatha." D'imthigh sé leis agus níor stad sé agus níor mhór chómhnuidhe sé go dtainic sé go dtí teach an rí Chuir an rí amach teachtaire chuige agus d'fhiafruigh siad dhe cé raibh sé ag dul agus dubhairt sé go mba mhaith leis an rí d'fheiceál. Thainic an rí amach agus labhair sé leis agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh a inghean le pósadh. Annsin thug an rí é go dtí a gháraidh in a raibh píosa fatai curtha agus d'fiafruigh sé de a bhfatai [!]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Muiltheach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Meille, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghruaidhrí
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo