Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 716

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 716

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 716
  3. XML “Bréag Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé aon piosa fatai ariamh chomh maith leo sin. "Nuair a bhí mé sa mbaile ag mathair bhí píosa fatai curtha againn. D'imthigh caora uainn agus bhiomar dá h-iarraidh in gach uile áit. Ar dheireadh thiar fuair mé istigh sa ngáraidh a raibh na fatai curtha ann agus sé'r mhothuigh mé an chaora ag méidhleach. Sé'n áit a bhfuair mé í istigh i bhfata agus dhá uainín léi. Anois a rí nár bhfearr na fatai iad sin ná do chuid fatai sa "Dhearc an rí air agus ní raibh gruaim ar bith i n-éadan. Annsin thug an rí amach é go dtí páirc a raibh píosa coirce curtha ann agus d'fhiafruigh sé i bhfaca sé aon phíosa coirce ariamh chomh maith le sin. "Nuair a bhíosa [?] mbaile ag m' athair bí píosa coirce curtha againn agus chuaidh muid amach lá dá bhaint agus dhá chorrán linn. Nuair a bhí i ngar a bheith bainte trathnóna againn rith girrfhiadh amach agus chaith mé féin corrán leis. Bhain mé an chos deiridh de. Bhí piosa pápéir greamuighthe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Muiltheach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Meille, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghruaidhrí
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo