Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 567

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 567

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 567
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste Óir
    Tá Aindréas Ó Deagánaigh in a chómhnaidhe i nGortbreach atá suidhte ar an taobh thoir thuaidh de chuan an Inbhir in Iorrus i gCo Mhuigheó. Tá trí fichead blian ó shoin ó bhí sé ag brionlóide oidhche amháin go bhfuair sé ciste óir in a leithead seó do chúais agus shíl sé go raibh sé ag breathnú glan díreach ar an gcana óir agus é deanta d'adhmad agus dhá lata thart air agus go raibh lámh ádhmaid treasna ar a bhéal le'n é thógáil agus é líonta go béal le ór. Bhí péiste ag faire an óir agus bhíodh sé sgataí in a bean óg chomh deas agus a chonnaic sé aríamh. Dubhradh leis sa mbrionglóid a dhul an leithead seo de uair go dtí an áit a raibh an ciste agus gur i dtalamh Mhártan Ó Dubhasa a bhí sé - Tá fhios aige an áit go fóill - agus é a dhul ann sa lá agus go mbeadh an péiste imthighthe agus beirt bhuachaillí eile a bheith leis fear de mhuinntir Bhreathnaigh agus fear de mhuinntir Náraí agus cat a thabhairt leó agus an chat a chaitheamh síos san áit a dtógfadh siad an t-ór agus annsin go mbeadh aca. Acht nuair a d'éirigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Nuainn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Aindréas Ó Deagánaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tInbhear, Co. Mhaigh Eo