Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 672
- XML “Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Fatai
Cuireann mo mhuintir fatai ar an bhfeilm gach bliain. Ullmhuigheann m'athair agus mo dhearbhráthair an talamh. Cuireann siad leathach ar an talamh i dtosach an Earraigh nó i n-amannaibh roimh Nodlaig do réir mar tá sé fuarasta fhagháil i bPort Mór. Cuireann siad na fatai i n-iomaireachaibh agus i ndrileannaibh. Le céachta a dheintear na drilleanna
Sgoiltear na fatai a dtúis. Má tá an lá go measardha suidheann an bhean i mbéal an phuill agus gearann na sgoilteáin; deantar poll díobh agus cuirtear gráinne gainmhe triotha sul mar gcuirtear sa bpoll iad. Ní maith an rud iad a chur lá fliuch. Na páisdí de ghnáth a bhíonns ag pitcháil. Má's iomaire atá atá deanta bíonn ceithre sgoiltéan de ghnáth in gach líne. Nuair atá siad curtha tagann duine eile agus plúcann sé an méid atá curtha - sé sin deanann sé an iomaire cothrom. Tar éis míosa basluightear na fatai agus cuirtear aoileach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cabhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mayo