Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Suíomh:
An Baile Nua, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Muiris Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 95

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 95

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Leathanach 95
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus do crom sí síos chun é do thógaint ina láimh agus do chonaic sí crubh an fear agus do thit sí ina bhfantais gus d'imigh an fear go dtí cúinne an tseomra agus d'airigh an fear ina dhíol agus glaoch ar an sagart chun é do chur amach as.

    Do bhí feirmeoir ann fadó agus dúirt sé leis an fear a bhí ag obair leis, bhuail go dtí an siopa i gcóir íle. Ansan chuaidh sé i gcóir an íle, bhidéil a bhí aige. Fuair sé é agus nuair bhí sé ag teacht abhaile thit an buidéil as a lámh. Tháinigh sé abhaile gan aon íle. Dúirt an feirmeoir leis buail arís ann agus buidéil eile d'fháil. Tháinigh sé leis agus dúirt an feirmeoir leis ciossúr do bhríos ar an buidéil eile. "Mar sin" arsa sé leis ag caitheamh an bhuidéal ar an dtalamh agus ansan dúirt sé leis an íle do bhreith ina hata. D'imigh sé leis agus fuair sé é. Níor chuaidh sé go léir ina hata agus do cás sé é agus do chuir sé an cuid eile insan taobh eile. Tháinigh sé mar sin go dtí an feirmeoir. Dúirt sé leis cá raibh an cuid eile de, chas sé an hata arís agus ansan ní raibh aon íle aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    Teanga
    Gaeilge