School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do crom sí síos chun é do thógaint ina láimh agus do chonaic sí crubh an fear agus do thit sí ina bhfantais gus d'imigh an fear go dtí cúinne an tseomra agus d'airigh an fear ina dhíol agus glaoch ar an sagart chun é do chur amach as.
Do bhí feirmeoir ann fadó agus dúirt sé leis an fear a bhí ag obair leis, bhuail go dtí an siopa i gcóir íle. Ansan chuaidh sé i gcóir an íle, bhidéil a bhí aige. Fuair sé é agus nuair bhí sé ag teacht abhaile thit an buidéil as a lámh. Tháinigh sé abhaile gan aon íle. Dúirt an feirmeoir leis buail arís ann agus buidéil eile d'fháil. Tháinigh sé leis agus dúirt an feirmeoir leis ciossúr do bhríos ar an buidéil eile. "Mar sin" arsa sé leis ag caitheamh an bhuidéal ar an dtalamh agus ansan dúirt sé leis an íle do bhreith ina hata. D'imigh sé leis agus fuair sé é. Níor chuaidh sé go léir ina hata agus do cás sé é agus do chuir sé an cuid eile insan taobh eile. Tháinigh sé mar sin go dtí an feirmeoir. Dúirt sé leis cá raibh an cuid eile de, chas sé an hata arís agus ansan ní raibh aon íle aige.