Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)

Suíomh:
Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 14_064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 14_064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad
  2. XML Leathanach 14_064
  3. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar dtús téigheann líne paistí in ndiaid a cheile agus bíonn duine mór láidor i dtosach agus glaodhann sí ar dhuine de na páistí láidir eile agus bíonn sí in seasamh píosa beag amach ó cailín eile. Glaodtar an ghé ar an chailín a bhíos i dtosach agus glaodhtar na h-éanacha ar na phaistí a bhíos taobh thiar dí. Agus tugtar an sionnach ar an cáilín a bhíos ag iarraid na h éanacha a mharbhadh. Nuair a cheapan sí ceann de na h éanacha agus nuair a chuireann sí a láimh thart ar mhuineál de na h éanacha deirtear go mbíonn an duine sin marbadh ag an sionnach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Ghallachobhair
    Inscne
    Baineann