Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad
- XML Leathanach 06_025
- XML “Síthe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar tá sé iongantach camh.
"Sidhe an teine cnámh". Tugadh an t' ainm seo air mar tá sé an árd agus gach oidhche teine cnámh déineann na buachaillí agus na cailíní óga teine mhór ar a mhullach.
"Sidhe an toirnige". Is é seo an fáth a baísteadh an t' ainm seo air mar tá tornach ag a thaobh.
"Sidhe an mhaim. Tugadh an t' ainm seo air mar tá sé an árd agus tá talamh an-leibheálta féarach ag a bhun.
"Sidhe beag". Báisteadh an t' ainm seo air tá sé níos lúgha na na cinn thart air.
"Sidhe an leachta". Tugadh an t' ainm seo air mar tá leacht tógtha ar a mhullach agus deireann na sean-daoine gur cailleadh fear ar an chnoc agus cuireadh ar mullach an árdan seo é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ghallochobhair
- Inscne
- Baineann