Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Garraidhe an cladaighe". Tugadh an t' ainm sin air mar bhí sé inaice an chladaigh.
"Páirc na mbroc". Baisteadh an t-ainm sin air mar bhí plúis broich ina lár.
"Páirc bhán". Tugadh an t' ainm sin air mar ní fhásadh mórán féar ann.
Páirc an t' aol. Deireann na sean-daoine gur fuaireadh roinnt beag aol ann.
"Páirc na gcorrach". Is é seo an fáth a tugadh an t' ainm sin air mar bhí sé ann-bhog agus fluich.
"Páirc an luachar". Tugadh an t' ainm sin air mar bhí go leór luachair ag fás ann.
Garraidhe fraoi. Tugadh an t' ainm sin air mar bhí go leór fraoch ag fás thart ann.
"Páirc an tobar". Tugadh an t' ainm sin air mar bhí tobar ina lár.
Páirc Sheoirse. Tugadh an t' ainm sin air mar bá lé fear arbh ainm dó Sheoirse é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ghallochobhair
- Inscne
- Baineann