Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 206
  3. XML “An Fear Ait”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear 'na chómhnuidhe i gCiarraighe fadó agus Seán Ua Tuama ab' ainm do agus fear ana ait dob' eadh é. Aon oidhche amháin do bhí sé amuich ana dhéanach le asal agus trucaill.
    Oidhche spéir gealaighe dob' eadh é agus ní raibh aon solas sa trucaill aige (?) nách teastóchadh aon solas uaidh mar bhí an oidhche go breagh geal.
    Do bhí Seán ag tomáint leis ar a shuaimhneas gan an saoghal ag cur cuige nó (?) uaidh. Do chasadh na gárdaí air agus d'fhiafruigheadar de cad 'na thaobh nách raibh aon solas aige. D'fhreagair Seán iad mar seo
    "Airiú Fulla moona upa sky." Do bhí a fhios ag na gárdaí ansan cadé an saghas duine abhí aca agus do sgaoileadar leis agus chuaidh Seán abhaile do féin.
    Cáit Ní Shúileabháin, Carraig an Adhmaid a thóg síós é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí