Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “An Fear i bhFiacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear bocht an nuair agus do bhí sé i bhfiaca. Ní fheictí é aon lá in-aon-chor ach amháin an Domhnach mar b'shin nós a bhíodh ag na daoine fadó nár ghádh le h-aoinne fiacha a dhíol Dé Domhnaig nó dá mbeadh na saighdiúirí in dhiadh duine ná feadfaidís beirthe air De Domhnach. Do théigheadh an fear so ag fiadhach agus deireadh sé mar seo:-
    "Bíonn an Domhnach i bhfabhar is i bpáirt lucht fiadhaig,
    'Sé an Domhnach a thógfainn mar lá chun fiadhaig
    'Sé an Domhnach a thagann cabhair is grásta ó Dhia,
    'Sé mo lom creach nách Domhnach gach lá sa bhliadhain."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí