Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chómaireamh sí an t-airgead go blasta agus do chuir sí isteach 'na bhrollach é. Do thug Séamus geallamhaint de'n púca an oidhche roimis sin.
Go dtiocfadh sé amach cuige airís [?]anocht. Bhíodar amuich gach aon oidhche mar sin. Ní raibh tig duin-uasal in Éirinn gan cuairt [?] artha ann aca agus a ndóithin ólta aca. I gcionn tamaill dubhairt an púca le Séamus trí chapaill a thabhairt leis ó'n bpórt anocht mar go mbeadh comráidhe eile in-aon-fheacht leo ag teacht abhaile anocht.
Chomáineadar leo mar a mbídís gach aon oidhche agus dob'éigin do Shéamuis an [?]dtrí chapall a bhreith leis, agus do thánadar anuas de na capaill le h-ais tíghe feirmeora agus dubhairt an firín beag trí focail ana [?] agus do deineadh trí brobhnacha luachra de na trí capaill airís.
Dubhairt an firín beag le Séamus gach rud a déarfadh sé féin a rádh 'na dhiaidh agus é a leanamhaint ins gach aon áit a gheobhadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luaisaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí