Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt Séamus nách raibh sé ábalta ar cúpla port a sheint.
D'fhiafhruig sé de ansan cad air go bhféadfadh sé seint agus dubhairt Séamus ar an bpíb. Do thug an firín bheag shlaithín draoidheachta as a póca agus do bhuail sé buille dá slaitín draoideachta ar an dtalamh agus do dhein sé píb breágh nua agus do thug sé buille de'n slaitín draoidheachta ar Shéamus agus ansan do thug sé an píb do leis agus do dhein Séamus an píb a sheint agus do fuair sé amach go raibh sé ábalta ar aon phort in-aon-chor a sheint. Do bhí áthas an domhain air agus do ghaibh sé a bhuidheachas leis.
D'fhiafhruig sé de'n firín beag ansan cá rabhdar ag dul agus d'innis sé dho go rabhdar ag dul soir go dtí gleann an leamháine go raibh ana rínnce le bheith ag na daoine maithe ann.
Dubhairt an firín beag na trí focail greannmhara airís agus do deineadh dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luaisaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí