Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Seán is A Mháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le Seán é a thógaint go dtí an Roilig agus é a chur.
    D'imthigheadar as a radharch ansan agus d'árduig sé ar a ghualainn é agus do chomáin sé leis fé dhéin na Roilige. Nuair abhí sé [?]leath na leath-slíghe shuas d'eirig sé tuirseach agus do leig sé an chómhrainn síos ar an gclaidhe. Nuair a dhein sé é sin d'airig sé fothram éigin istig ann
    Ní raibh aon eagla air agus d'oscail sé an cómhrainn agus cad a bheadh istig ann ach cailín gleóite deas. Do thóg sé an cailín amach as an gcómhrainn ach ní raibh sí ábalta ar chaint in-aon-chor. Do thóg sé an cailín abhaile go dtí a mháthair agus do tugadh béile maith bídh dí ach ní raibh sí ábalta ar aon fhocal a labhairt leo.
    An oidhche 'na dhiaidh san do chuaidh an buachaill ag sguruidheacht airís agus nuair abhí sé ag teacht abhaile an treo céadna d'airig sé daoine ar an dtaobh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí