Scoil: An Páirtín

Suíomh:
An Pairtín, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ciarán Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caitheamh Aimsire a Bhíonn ag Páistí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0599, Leathanach 503

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is iomdha caitheamh aimsire a bhíonn ag paistibh beaga nuair a bhíonn an tsláinte aca. Bíonn na cailini ag imirt le bábóga. Gléasann siad na bábóga an dheas agus uaireannta bíionn siad an mhór leo agus uaireannta eile bíonn siad an crosta leo.
Nuair a bhíonn an aimsear breag imrigheann siad "fuinneogha árda". Árduigheann siad suas a lámha agus ritheann beirt acha isteach is amach ag iarraidh breith ar an gcailín eile.
Bíonn siamsa mór ag páistí ag imirt "Dallóg". Cuireann siad "dallóg" ar pháiste amháin agus ritheann na páistí eile thart air agus nuair a bheireann sé ar an duine aca cuirtear dallóg air agus leanann siad leis an gcluiche.
Is breag an sport a geibheann páistí as "luasgán" freisin. Teigeann duine aca suas ar an "luasgán"; agus bogann beirt annon is anall é.
Is minic a bhíonn ard sport acu ag imirt "Maide Corrac". Socaruigheann siad maide láidir ar bhosca nó ar charraig. Suidheann páiste ar cheann amháin d'en mhaide agus suidheann páiste eile ar an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge