Scoil: Glenanore
- Suíomh:
- Gleann Fhionnúir, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glenanore
- XML Leathanach 005
- XML “Nósanna is Paidreacha a Bhíodh ag na Bacaigh”
- XML “Nósanna is Paidreacha a Bhíodh ag na Bacaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh sean bhean ag íarradh déirce mór thímcheall na h-áite seo fadó agus bhíodh a h-inghean Máire in éindeacht léi. Núair a thagaidís go tig ag lorg déirce sé ag deireadh an bhean (Máire Raindí) leis an gCailín ná:
"Aoinne a Mháire a thabharfhaidh a beag nó a mór dúinn.
Go dtógaidh Día in áirde ins na Flaitheas íad
Agus aoinne a Mháire nach dtabharfhaidh a beag nó a mór dúinn.
Go dtógaidh Día ins na Flaitheas íad
Is go bplapaidh sé anúas airís iad". - Bhíodh bean déirce eile darbh ainm dí Máire ag dul mór thímcheall na h-áite agus maidin crúaidh seaca tháing sí go tig feirmóirí agus thug na madraí fuithí agus leagadís cómh lúath is eirigheadh sí. Sa deireadh deirig léi imteacht uatha agus dubhairt sí:-
"Bocht an bhaile é Barra na h-Uidhre,
Na clocha ceangailte is na madraí sgaoilte,
Is Máire bocht treasgaithe chómh mear
Is deirigheadh sí."- Faisnéiseoir
- Píaras De Bhál
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc na Rí, Co. Phort Láirge