Scoil: Baile an Tobair

Suíomh:
Baile an Tobair, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Máiréad, Bean Uí Dhomhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0246, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0246, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tobair
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Sean-nósanna agus Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuiteann oidhche Shamhna ar an oidhche deireadh de mhí an Deireadh Fóghmhar. Is iomdha nósai agus cluichí a rinneadh ar an oidhche sin. Tá an chuid díobh beagnach imthighthe anois uainn ach fanann siadh mar cúimhneach.
    San gach teach in Eireann deintear cáca milis agus fáinne ann i dtus an lae. Tuithimh tráthnóna bhíonn an cacha gearrtha. Deirthear don duine a gheibheas an fainne go mbíodh sí no sé pósthá go luath.
    Cuirthear cnó i péire san téine agus chuirthear ainmneacha bhuachall is cáilín ar gach péire ina scaipann siad on a chéile ní phósann an caílin na an bhuachaill sin.
    Cuirthear trí fó-cúpan ar an mbordh, cre i gceann amháin uisge i gceann eile agus faínne san treas ceann. Cuirthear mullach ar súile duine sa teach agus cibé so-chúpan a cuireann sé a láimh tá rudh os a chomhair mar chuireann sé a láimh ins an cré deirthear go bhfuigheadh sé bás, san uisghe go dteígheadh sé tar lear, ins an só-cúpán 'ná bhfuíl an faínne go mbíodh sé phostha sar ibhfadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge