Scoil: Coolroe, Tinahely
- Suíomh:
- An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin
- Múinteoir: Mrs Lush
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0922, Leathanach 254](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0922%2FCBES_0922_254.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0922, Leathanach 254
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)254
theagmhuigheadar le n-a chéile tháinig an t-ainmhidhe ar an láthair is do thóg sé an cailín bocht abhaile leis go n-a bhrughtheach is coimeádadh i mbraighdeanas í.
An inghean ba shine a bhi ag an bhfear seo i mBrí bhi sé le pósadh i gcionn lá is bliadhain is d'áitigh an cailín óg seo a bhi gabhtha sa bhrughtheach go leigfidhe saor le h-aghaidh na bainfheise í, ach ni leigeadh a mian léithe. Tháinig an cailin ion-phósta fiú, is chuaidh sí síos ar an dhá glúin ag áiteamh ar an ainmhidhe ach bhí a saothar i n-aisge dí.
Ghabh lá is bliadhain eile thart is bhí an dara inghean óg ag dul chun pósta ach ní thabharfadh an t-ainmhidhe cead do'n inghean a b'óige dul chun na bainfheise ach chomh beag.
Ghabh lá is bliadhain eile thart is bhuail tallann pósta an t-ainmhidhe. Chuaidh sé chomh dian sin air gur iarr sé lámh an chailín seo a bhí i mbraighdeanas aige. Ní raibh an cailín óg sásta nó leath-shásta, rud chomh mór chomh gránna nó chomh droch-chumtha a bheith mar chéile aici. Bhí sí ag cur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobháinín Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin