Scoil: Coolroe, Tinahely
- Suíomh:
- An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin
- Múinteoir: Mrs Lush
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)is "Taobh-Throm" le n-a chois, bhí bean óg ion-súl (?) sa doras roimhe is draothadh de gáire bhreágh leathan uirthi. Thoisigh comhrádh eatorra is d'iarr sí ar an scoláire í a phósadh, ach chuir se i n-úil dí go raibh a shean-mháthair i n-a beathaidh fós i mbotháinín sléibhe, is í n-a caogaidhe aonair gan cara gan compánach, is gurbh éigean dó bheith ag triall uirthi. Thug sí trí céad púnt dó as ucht a shaothair.
Do gabh an scoláire bocht an bóthar abhaile go hÉirinn is é go soilbh suairc leis féin, gan rud ar bith ag dógadh a ghirbe, ach a mháthair a bheith go slán sábháil sa teaicín roimhe. B'é toil Dé go raibh sí is togha na sláinte aici. Do mhair sí féin agus a mac go sona sóghach as san amach.- Faisnéiseoir
- Siobháinín Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin