Scoil: Kilmore Convent School
- Suíomh:
- An Chill Mhór, Co. Loch Garman
- Múinteoir: Sr. Lorcan Ní Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm an aithriseora - Cáit Ní Lamport
A h-Aois - 14 bliana
A Seoladh - Baile h-Éile, Cill Mhór
Fadó bhí cáil mhór ar Bhaile h-Éile maidir le h-iasgaireacht. Thagadh iasgairí ó'n Bhreatain Bhig go dtí an áit gach bliadhain le h-iasg d'fhághail. Bhí de nós ag iasgairí Bhaile h-Éile gan cur amach chun fairrge ag iasgach Oidhche Naoimh Mairtín. Bhí iasgairí ó Shasana san áit ag an am san agus rinneadar magadh fé na h-Éireannaigh. Dubhradar nach raibh splannc céille aca, gur chreideadar i bpisreogaibh srl. Ba bheag suim a chuir iasgairí Bhaile h-Éile ionnta, d'fhanadar sa bhaile.Pé scéal é, chuaidh na Sasanaigh amach ag iasgach dóibh féin agus d'fhilleadar ar maidin agus na báid ag cur thar maol le h-iasg. Bhí díombáidh ag iasgairí Bhaile h-Éile a d'fhan sa bhaile.An chéad Oidhche Naoimh Mairtin eile dubhairt iasgairí Bhaile h-Éile leo féin go raghfaidís amach ag iasgach. Rinne na mná a ndicheall gan dóibh dul ach ba bheag suim a chuir na h-iasgairí ionnta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Lamport
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Baile Uí Éilí Theas, Co. Loch Garman