Scoil: Kilmore Convent School

Suíomh:
An Chill Mhór, Co. Loch Garman
Múinteoir:
Sr. Lorcan Ní Riain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0877, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0877, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmore Convent School
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Béaloideas - Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Amach leo ar an bhfairrge i ndorchadas na h-oidhche, ach mo léan! an bás a bhí indán dóibh. D'éirigh stoirm uathbhásach, báthadh na h-iasgairí go léir. Ba mhór an truagh nár chuireadar suim igcomhairle na mban ach "tar éis a tuigtear gach beart".
    Ba bhrónach an radharc a bhí i mBaile h-Éile an mhaidean lá ar na bhárach - céad baintreach is caoga ag gol is ag caoineadh - gach bean díobh ag caoineadh ar son a céile nach bhfillfeadh ar ais a coidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ainm an aithriseora - Éilbhís Ní Chathail
    A h-aois - 16 blna
    A Seoladh - Cill Mhór

    Seo sgéal a bhaineas le clann Normánach - Muinntir De Brún, Caisleán Mhaol Raincín.

    Fadó bhí casán an Aifrinn (Mass-path) ag dul tré pháirceanna De Brúin ó Bhaile Chuisín go dtí Teampull Mhaol Raincín. Ba ghnáthach leis na daoinibh an comhgar seo a thabhairt ortha féin ag dul go dtí an t-Aifreann. Níor thaithnigh sé le De Brún na daoine a bheith ag cur isteach ar a chuid talmhan ar an gcuma seo. Chuir sé tarbh allta igceann de's na páirceannaibh tré n-a ngabhaidís le scannradh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éibhlís Ní Chathail
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chill Mhór, Co. Loch Garman