Scoil: Ardee (De la Salle) (uimhir rolla 2094)

Suíomh:
Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú
Múinteoir:
Br. P. Ó Scannail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0669, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0669, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ardee (De la Salle)
  2. XML Leathanach 081
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Fógra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo guidhe a chaula ó shéanfhear in Oileán Árainn...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seán Ó Connail Lios Carragáin Baile Mhúirne
    a thug an mheid seo dhom. Thug sé tamall dhá shaoghal san R.I.C. . Is dóich liom go bhfuil sé ar shluagh na marbh anois.
    R.I.P.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Athair miúlach a bhí buacach gionncach
    Do ghluais chun scúbhail uaim go moch indur.
    Bhí ceann mor air agus eirbeall scuabach
    A's níraibh a chuid gruaige bán ná dubh.
    Ní raibh a crudh ná tarainne na cruba ach spága.
    Bhí a rúmpa geárrtha agus marc 'na phus.
    Gheóbhfaidh mar dhualgas juga punch.
    Nóta:- thair miúlach scail asail.
    spáge crúba nar cuiresdh crudh riamh ortha.
    2. " Is fada an feitheamh bheith ad feitheamh maidea reótha le bróga sean-duine"
    i.e. go bfuigheadh an sean-fear bás.
    "An rud is annamh is iongantach, banbh ás dronn air."
    3. Innis do Siún na chogar é a's neosfaidh Siún dón phobal é.
    4.Téighir go h'annamh go tig do charad a's charad a's geóbhair ann fáilte
    Téighir go minic. a's teighir gan choinne, a's ní bheidh rómhat fáilte.
    P.T.O.
    .
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Bhuirne, Co. Chorcaí