School: Dubhloch, Cill Mháille (roll number 14698)
- Location:
- Dúloch, Co. an Chláir
- Teacher: Tadhg Ó Maoldhomhnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhloch, Cill Mháille
- XML Page 151
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an sort cuigean ata againn sa bhaile ná,Saghas Bairille agus Framha fé agus dá lam ar chun e casad. Ta poll ar taob amain de agus clúdac ar.
ar dtúis cuirtear uisce te isteac ann cun é do théidheamh. Leigtear amac arís é agus cuirtear bainne isteac ann san caithtear i dteac an t-uactar agus cuirtear gráinne salainn agus braon d'uisce beannuighthe isteac freisin. Cuirtear an cludac ar annsann agus deantar e casadDeintear im uair amháin tseactmhain. Ma thagann stróinseir isteac is linn na cuiginne ní fiolár dó greas a bualadh uirthe. Deirtear gur bféidir le daoine airithe an t-im do breith le le comhact draoidheacta. Nuair a buaileann sé an greas ní féidir leis aon im do bhreith. Uair an cluig a caithtear cun an t-im dhéanamh.
Nuair a bhítear ag dhéanamh im brightear na lamha mar is amhlaidh a cuirtear na lámha ar lamh na cuiginen agus castar é sa slighe sin.(continues on next page)