Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)
- Suíomh:
- Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean Uasal an Neidín tráth d as bainm Eibhlín Nic Charrthaigh.”
Bhí bean uasal as Neidín tráth d'ar bainm
Eibhlín Nic Charrthaigh. bochtannaigheach í.
Chuaidh sí ag cásamh Tighearna Talmhan lá ar san casad éigin a bhain léi. D'eitig i go Tascurneach ag rádh.
Glan leat as mo radharc a bhochtáin
dul thaighe isteach id mhuineál
Cad as go nglaodhfá bochtán.Duine ná beadh aige ac bothán
Ná beadh do dhíon as ach scathán
Ná beadh do dhoras ach scolpán
Ná beadh do úrlár ann ach pollthán
Ná beadh do leabadh aige ach fionnán
Ná beadh do éadac air ach preabán
Ná beadh do biadh aige ach criothaín
Ná beadh do d'og aige ach sruthán
Ná beadh anuas air ach Sopán
Sin é an saghas duine bochtánTreíeng breth féin' (Triads)Trí saighas fear -
Fear grufadh, Fear feadhaig, Fear gaoithe