Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)

Suíomh:
Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0583, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0583, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Turraichín, Goold's Cross
  2. XML Leathanach 020
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Trí neithe a chuaidh d'Aristotle a thuigsint.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Na trí buillí is duilic d'folang
    buille sa tsúil
    buille sa ghlúin
    buille san uilin

    Triur a thagann gan iarraidh
    gaol éad eagla

    gaol go dó-dhéag
    Cleamhnas go céad
    Ail theanas go h-éag

    Trí coda de'n draoidheacht
    Ceo ceo / Toíneacht (?) Cruinneólacht

    Trí neithe nách féidir d'fághailt
    bainne cíoc circe adharc muice cleite cait

    Trí neithe ná réídh tigheann le chéile
    beirt bhan pósta in aon tig
    dhá chat os comhair aon luiche
    beirt óig-fhear i ndiaidh aon óig-mhná

    Trí shaghas ban
    bean mar mhuic, bean mar chirc
    bean mar chaoirig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge