Scoil: Lios Uí Ghrifín (uimhir rolla 12227)

Suíomh:
Lios Uí Ghrífín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seosamh Ó Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 478

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 478

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lios Uí Ghrifín
  2. XML Leathanach 478
  3. XML “Amhrán - An Cailín Deas Rua”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Mar tá a n-intinn gá seile (?) tá cómh h-árd le barraí na gcraobh
    'Sé dubhairt mo grádh-sa nár graduig (?) sí aon fhear ach mé féin
    Agus go bhfeicidh mé an lá go mbeidh an fáinne úd orainn araon.

    (V)
    Mo chreach is mo chás ná caitheann sé sneachta 'gus sioc
    Gan mise is mo ghrádh ar láir (?) na fairrge amuigh
    Gan long, gan bád, gan árus daingin againn
    Ach mise 'sa t-snámh is mo láímh dheas cásta 'na crios (?)

    (VI)
    Níl slat insa coill ná go bfuil snaidhm óra barra dá lár (?)
    Níl breach insa tír na go n-éireóchaidh go bárr uisge snamh
    Níl sagart 'na ríógacht na go n-éireóchaidh chun Aifreann do rádh
    Agus nuair a tigeann an oidhche sé is fada liom go bfeiceann an lá.

    Fuarathas an t-amhrán thuas ó seanfhear darbh ainm Seán Ó Réagáin ó Oileán Cléire. Is uaidh leis a fuarathas na giotaí a leanas:-
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.