Scoil: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (uimhir rolla 12263)
- Suíomh:
- Cnoc an Ghogánaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair éigin fado 'na cianta aimsire ó sin nuair a bhiodh cócaláin ag buacaillíb agus ag cailíníbh gach aon trathnóna Domhnaig ar feadh an t-Samraidh ag cros bóthair.
[?] do bhí gasra acu [?] ar cros bhóthar áirighthe, agus láithreán mar adhmaid acu cun rinnce air, agus an ceól agus an rinnce ar siubhal go meidhreach agus iad go sultmhar agus go grianach agus gur gairid leo an tráthnóna. Dá bh-feicfeá ortha déarfá leat féin nár bh-fios ag aoinne acu cad é an rud an donas marab é an damhas é, bhí crot chomh sultmhar san orru.
Do ráinig bean uasal na measg, ceann bréagh slíomtha de ghruaig fhionn uirthi. Do bhuail sí anonn cun buachalla gur bh'ainm do Seanach Seumas agus d'iarr sí air rinnce léi. Níor aithn aoinne í ná níor fheadadar cad as go d-táinig sí. Do rinnc sí féin agus Seumas go cos-éadrom misneamhail, agus tar éis an rinnce, do shuidh sí ar an g-claide agus i gceann tamaill eile bhí sí imtighthe mar a shloigfead an talamh í agus nuair d'dhéacadar timcheall ortha, bhí Seumas imtighthe leis. Ní raibh aon tuairisc le fághail air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Riadhgháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Ceilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí