School: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (roll number 12263)
- Location:
- Gogganshill, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Ó Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair éigin fado 'na cianta aimsire ó sin nuair a bhiodh cócaláin ag buacaillíb agus ag cailíníbh gach aon trathnóna Domhnaig ar feadh an t-Samraidh ag cros bóthair.
[?] do bhí gasra acu [?] ar cros bhóthar áirighthe, agus láithreán mar adhmaid acu cun rinnce air, agus an ceól agus an rinnce ar siubhal go meidhreach agus iad go sultmhar agus go grianach agus gur gairid leo an tráthnóna. Dá bh-feicfeá ortha déarfá leat féin nár bh-fios ag aoinne acu cad é an rud an donas marab é an damhas é, bhí crot chomh sultmhar san orru.
Do ráinig bean uasal na measg, ceann bréagh slíomtha de ghruaig fhionn uirthi. Do bhuail sí anonn cun buachalla gur bh'ainm do Seanach Seumas agus d'iarr sí air rinnce léi. Níor aithn aoinne í ná níor fheadadar cad as go d-táinig sí. Do rinnc sí féin agus Seumas go cos-éadrom misneamhail, agus tar éis an rinnce, do shuidh sí ar an g-claide agus i gceann tamaill eile bhí sí imtighthe mar a shloigfead an talamh í agus nuair d'dhéacadar timcheall ortha, bhí Seumas imtighthe leis. Ní raibh aon tuairisc le fághail air(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Riadhgháin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Tullig More, Co. Cork
- Informant
- Domhnaill Ó Ceilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork