Scoil: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (uimhir rolla 12263)
- Suíomh:
- Cnoc an Ghogánaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh
- XML Leathanach 274
- XML “An tÚrscéal i dtaobh Cill Áirne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shearc dhilis!" "Mó thúismightheóirí, mo thuismightheóiri, do lúigh Nóra. "Cá b-fuil siad? Ó, do cailleadh iad mar iodhbairtí trí easamhlacht[?] a n-aon leinbh."
Do theann Brian cun a chroidhe í, agus mar seo d'fanadar ag feitheamh leis an [?] do bhí cheapuighthe dhóibh.
I g-cionn tamaill do labhair sé na fócla so. "Ó bhí sé mar crann agus plainéad anuas orrainn, agus gearrtha amach dúinn bheith ins an m-ball so mar bhréagán i [?] cinneamhna agus an phaiste seo mar faithche an imeartha chun sinn do chur cun báis, glac misneach a chialluigh agus teasbáinfimíd do'n saoghal mhór cionnus ba cheart dul i g-coinnib an bháis le scearteachaibh láidre agus misneach mar a dhein ár sínnsear rómhainn agus mar a dhéanfaidh na [?] Éirreanach go d-tiocfaidh 'n-ár n-diadh idir fearaibh agus mnáibh, buacaillibh agus cailínibh dá m-beadh sé mar mhíádh annuas ar éinne acu nuair a bheurfad cor mar seo no cor níos measa iad. Beimíd i g-cionn leath nóimead eile imeasg ár g-cinéal féin ins an dír úd go n-deirtear nách m-bíonn aithne ar bhrón, bhuadhairt, chumha, ná cathughadh go deó ann."
D'eirigh na h-uiscidhe ag síor-dhul i m-breis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bean Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Bhlarna, Co. Chorcaí