Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 228
- XML “An Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sprid.Roinnt blianta ó shoin do bhí sprid annsúd siar ag teorann na conndaetha áit ar a dtugtar Leac a Bhrogra air agus bhí sí a' dhéanamh mórán díobhála, bíodh sí a cuir eagla ar gach aoinne is doidhche. Do bhí duine uasal (ann) annsúd thall taobh thall de Átha Bhuadh ar cliathán Gort an Imill ar a dtugaidís Dochtúir Báldhing. Duine fiadhain, acrach, dob'eadh é agus duine uasal maith leis. Do bhí paca gabhair fiaidh aige agus capaill ráis. Do bhí duine de mhuinntir Cruadhlaoich aige (d'arb) sé an leas ainm a bhí air ná Smartín. Bhí feirm thailimh ab'fad siar i gConndae Ciarraighe ag an ndochtúir, sé ainm a bhí air ná an Currach Mór. Do chaitheadh Mac Uí Chruadhlaoich dul siar uair sa tseachtmhain go dtí an Currach Mór, Ceann de's na capaill ráis a bhíodh aige. Láir ruadh a bhí ann agus do bhí ana (cosaidh) coisidheacht aici. Bhíodh feidhre spur i gcómhnuidhe ar Mhac Uí Chruadhlaoich, agus ní chuirfeadh samhail ná púca de'n iallaith é.Do bhí sé a' teacht abhaile ó'n Gcorca gCurrach Mór oidhche agus nuair a tháinig go Teora na Conndaethe ag leac a bhroghra do léim an sprid cuige agus as chun bóthair leis an láir ruadh. B'shin é an rás ab'fhearr a tháinig anuas bóthar an cóiste riamh, chómh mear agus do bhí an láir riadh á síneadh féin bhí an sprid amach chómh fada leis an sur stúróip. Nuair a tháinig go dtí an Muileann do chas se an láir(leanann ar an chéad leathanach eile)