Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “An Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ruadh anonn an droichead chláir mar do bhí an d'á droichead eile briste ag an dtuille. Do léím an láir geata an "(nursery)" agus soir trí dhruim na gcladhthach agus trí ínseacha Seana-Chluan agus d'imthig an sprid an bóthar shoir trí Carraig An Adhmuid. Nuair a chuaidh Mac Uí (Suíle) Cruadhlaighe amach ag droichead Carraig an Adhmuid bhí sí ar an dtaobh eile de'n droichead na suidhe a thóin. Ní féadfadh sí dul thar an droichead mar bhí an droichead briste. Do liúigh sí agus dubhairt sí leis gor mhaith an sgéal do an droichead a bheith briste mar go gcuirfeadh sí féin deire leis. Dubhairt sé léi dul i n-ainm an diabhail. Anonn leis Cathair Ceárna faid fhéadfadh sí bóthar a bhualadh agus siar go Gort an Acra. Do bhí beirt driotháir an dochtúra thall ag tig an dochtúra h-Eibhí ó Súileabháin, agus Dómhnall Ó Súilleabháin. D'airigheadar an láir ruadh a' bualadh an bóthair siar Gort an Acra. Do shaoileadar gur ar meisce a bhí Mac Uí Chruadhlaoich agus do ropadar bior iarainn isteach sa teine. Do bhíodar ag éisteacht leis go dí go dtáinig sé Gort na Fuínsean agus anonn Átha Mhogha agus tríd an(n) gcoill amach. Nuair chuaidh sé suas go dtí an tig do sgaoil sé an capall isteach sa stáble.
    Nuair a thainig sé go dtí doras an tighe mhóir do bhí na rascailí óga istig agus do ropadar an bior dearg iarainn amach trí poll na h-eochrach. Do tháinig cruth cos is lámh air i dteannta a chéile agus do thuit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge