Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-cur í. Do caith an cailín rionnt eile cruithneachtan cun an circín óir agus an coilicín airgid. Do shnap an coilicín an cruithneactan go léir airís, agus do bhuail sé an circín. "Ó faire fúghut" arsan circín "do gortuighis me agus is olc uait san. A gcuimhnigheann tu ar an lá go bhfuarais an srian ó'n sean-duine chun dul isteach as coill, agus breith ar an bramach dubh. Dubhairt leat rith anairde ar crann nú go níosfadh an bramach dubh thu. A gcuimhnigeann tu nuair a bhí an bramach dubh a rith mór thimpeall an crann, a d'iarraidh tu ithe nuair a cuadhas a triall ort leis an ndinnéir. Do rugas ar an mbramach dubh duit, agus tá sé agat fós. A gcuimnigheann tu nuair a coireas an t-aoileach ag innsint na sgéalta chun tusa do shábháil."Do chuimnig an duine-uasal ar féin sa deire tiar-tall. Do léim sé agus do rug sé ar dhá lámh uirthi, agus dubhairt sé leó gur b'í sin a sábháil é féin. Do pósadh iad sa deire tiar sall agus do maireadar go h-ana compórdach idteannta a céile agus bhí muirigín mór acu. Siné mo sgéal-sa agus má tá bréag ann, bíodh.