Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a' rádh leis go raghad sí féin am chun an dinnéir d'ullamhú dhóibh go raibh sí ábalta ar an dinnéir d'fhagháil agus go raibh taithighe mhaith aici air.D'imthig an gabha a' thriall ar an nduine uasal agus d'inis sé a scéal do. Dúbhairt an duine uasal a rádh léi teacht go mear. Do chuaidh sí ann agus níor aithn aoinne í. Do bhí gach aon rud ollamh aice i gcóir an lá amáireac. Nuair a bhí an dinnéir i leathtaoíbh an lá dhidh san dubhairt sí le na daoine uaisle stop go fóill anois go m'béidir gur maith leó cuid míorbailí a fheiscint anois.Do tharraing sí amach as a phóca circín óir agus cailicín airgid. Do caith sí roinnt cruitneactan ar an dtalamh cúca. Do léim an coilicín agus do shnap sé an cruithneacht go léir. Greadad chúghnt arsa'n circín, "is olc uait an cruithneacht go léir do shnapadh uaim, a gcuimnigeann tu ar an lá a teip ort an loch do thaosgadh. Do chaitheas é a traosgadh nuair a chuadhas leis an ndinnéar a' thriall ort agus do fuaras an fáinne dhuit. Ní beidhfá anso indiu, mura mbeadh san."Do caith an cailín roinnt cruithneachtan airís cun an circín óir agus an coilicín airgid. Do shnap an coilicín an chruithneacht go léir airís, agus do caith sé an circín uaidh. "Ó mhaise" arsa'n circín, "is olc mise do chaitheamh mar sin. A' gcuimhnigheann tú ar an lá a cuirfeadh a glanadh an stábla thú agus do theip sé ort go dtí gur chuadhas-sa a' thriall ort leis an ndinnéir. Do glannas-sa an stábla agus do fuaras an snáthad duit, agus mura mbeadh san ní bhéadfá anso indiu."Níor dhein san an gnó níor aithin an duine uasal in-aon-(leanann ar an chéad leathanach eile)