Scoil: Lios Leamháin, Tigh Molaga (uimhir rolla 12145)

Suíomh:
Lios Leamháin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0318, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0318, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lios Leamháin, Tigh Molaga
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanrann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhuail sagart le Séamus Ó Colmáin lá amháin. Bhí sé go moch ar maidin agus bhí an sagart amuich ag fiadhach le dhá ghadhar.
    "Cad as duit", adubhairt sé le Séamus.
    "Ó Chathair Brí" arsa Séamus.
    "Is bocht agus is dealbh an ainm sin", ars' an sagart.
    San am chéadna chuaidh tarbh tharsta agus é ag tarrach trucaileach agus bhí meadar bainne insan dtrucaill. Dubhairt Séamus an rann seo annsan:-

    "Sin rud ná featha am dhúthaig féin,
    Srathar ar tharbh gan clódh gan gléas,
    Agus é ag tarrach meadair bhainne go Dúnmánaos,
    An Eaglais ar maidin ar an ndrúcht ag fiadhach,
    Agus teachtaire an pheacaidh ag a dhoras ag glaodhach.

    Do chuaidh an sagart abhaile agus do fuair sé an teachtaire ann. Bhí an duine breoite marbh roimhe.

    Seán De Faoit (65)
    Baile an Ghleanna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.