Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (uimhir rolla 6009)

Suíomh:
Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Scéalta Grinn”
  4. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean ann fadó agus bhí mac aici agus Seáinín dob ainm do
    Do chuir a mháthair ar scoil é agus ní raibh sé ag foghluim pioc
    Ceann asail a bhí air. Deineadh Seáinín an maistir a ghearán le na mháthair. Amáireach chuaidh an máthair ar scoil chun labhairt leis an maistir. " A máistir" dubhairt sí " ná buail Seáinín in aon cor
    ac buail an garsún is giorra do agus cuirfid sé sin eagla ar Seáinín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Síle Ní hAodha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    27
    Seoladh
    Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí
  2. Bhí beirt buachaill ann fadó darb ainm Mathún Mór agus Mathún beag. Do comhnuigeadar i dtigthe beaga dóibh féin gan aoinne na dteannta ach a mháthaireacha. Do bhí bó ag Mathún Mór agus ní raibh aon bó ag Mathún beag.Fuair máthair Mathúin big bás agus do rug sé leis í go cuinne an bhothair agus do cuir sé in a seasamh í ar maide croise mar bhí fhios aige go raibh an tighearna talmhan ag teacht ar an am san le capall agus cóiste Do bhuail an cóiste i gcoinnib an seana mna agus do leag sé í. Ní raibh an cóiste imighthe ach tamall beag nuair do léim Mathún beag amach thar claidhe agus dubhairt sé leis an tighearna talmhan go raibh a mháthair marbh aige. D'iarr an tighearna talmhan cad é an díol a bhí uaidh agus dubhairt Mathún beag gur teastaig uaidh trí céad púnt gan dul ar aon dlighe agus do thug an tighearna dó é. Nuair a chuala Mathún Mór cad a thuit amach do mhairbh sé a mháthair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Seancháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Carraig an Loiscthe, Co. Chorcaí