Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bhó agus dubairt sé rud éigin os a gcionn agus ní fhéadfhad an fear tige ná an bean a' tighe é do phiocadh suas in-aon-chor.
Nuair a bhí san déanta ag an sean-duine dubhairt sé leis an fear an bhó í chuir isteach sa páirc na h-aonar.
Do dhein an fear mar a dubhrad leis agus do chuir sé an bhó isteach sa pháirc.
Dubhairt sé leis an fear [?] ceann eile do's na ba a thabhairt cuighe agus do thug agus do dhein sé an rud céadna leis an ceann sin agus nuair a bhí san déanta aige dubhairt sé le fear a' tighe an bó sin do chuir isteach i bpáirc eile 'na aonar agus gan í a cuir isteach sa pháirc céadna in-aon-chor.
Do thug fear a' tighe bó eile cuighe agus do dhein sé an rud céadna leí sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64