Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “An Fear Macánta agus na Rogairí Dubha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bean a' tighe aon fhreagra air. Níor leog sí uirthe gur airig sí é in-aon-chor.
    D'fiafruig sé de ansan a' raibh fear aice agus dubhairt sí go raibh ar maidin ar aon chuma agus ní dubhairt an fear aon nídh an sin.
    Dubhairt sé leí dul amach agus glaodach ar a fear agus dubhairt sí ná déanfhad, go mbeadh sí ag teacht isteach anois ar aon chuma.
    Dubhairt sí leis dul amach agus glaodadh air cómh tapaidh, agus do tháinig an bheirt acu isteach le na chéile agus d'innis an bhean an sgéal go léir do ag teacht isteach ach ní raibh aon brón ar an bfear mar gheall air mar do bhí fhios aige go raibh droch rudaí á dhéanamh aige agus ná féadfhaidís bheith níos measa.
    Do chuadar isteach agus do bhí an fear san áit céadna direac agus a bhí sé nuair a bhí sí ag dul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Risteárd Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64