Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar lean ó leath. 78 [409] Do rugadar ar a chéile agus do dheineadar ball bog de'n ball cruiadh agus do dheineadar ball cruaidh de'n ball bog mar do bhíodar araon go mí-cuibh-sach láidir.
Sa deire thiar thall do chuir Osgar ar a ghlúinibh an fathach mhór agus dubhairt Osgar leis go raibh buaidhte aige air agus go mbainfeadh sé an ceann de.
Dubhairt an fathach leis párdún a thabhairt do agus gan an ceann a bhaint de in-aon-chor mar go n-oirfeadh sé féinig do fós, nách raibh aon t-seans aige ar a chuid fear d'fhagháil muna gcabhróchadh sé féinig leis. Dubhairt Osgar leis go dtabharfadh sé a párdún do ach go gcabhróchadh sé féin leis.
Dubhairt an fathach le h-Osgar go dtabharfadh sé rud le déanamh anois do. Dubhairt sé le h-Osgar go raibh an láirín donn agus an ochtar fear.
Imithighthe síos tríd an dtobar agus go raibh an áit shíos lán de shaighdiúirí agus do gcaifhfidís iad a chómhrach agus é féin(leanann ar an chéad leathanach eile)