Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Siobhán agus A Driofúr”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ná ní leigfheadh sí di codhladh i n-aon áit i n-aice an tíghe agus dubhairt Siobhán léi go mbeadh sí suas léi.
    Do bhí sé maith a dhóthain do Siobhán leis mar ní thabharfhadh sí féin aon lóisdín d'aoinne ná aon rud eile ach cómh beag. Do chuaidh Siobhán amach agus do bhí sí geall leis ag gol mar do bhí eagla uirthe roimis na púcaí.
    Do bhí Siobhán ag teacht go dtí tig eile ach ní raibh fhios aice go raibh an tig ann in-aon-chor agus ní fheaca sí an tig in-aon-chor agus do bhí bóithrín ar aghaidh an tíghe amac agus do bhí an bóithrín ag dul suas go dtí páirc éigin agus do bhí an bóthar puiblí ag gabháil siar agus do chuaidh sí suas an bóithrín i gan fhios di féin agus do chuaidh sí amú.
    Ní raibh fhios aice cá raibh sí annsan agus do bhí sí ag siúbhal agus ag dul thar cladhthachaibh ar feadh an oidhche ago leír agus do bhí sí geal leis ag tuitim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Chríodáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí